The Connacht Hotel

Menu

In ainneoin na ndúshlán a bhí roimh thionscadal turasóireachta na Gaillimhe in 2020, tá cuideachta amháin i nGaillimh atá meáite ar theacht slán, beag beann ar gach rud atá ina coinne. Tá teacht aniar agus neart á léiriú ag Grúpa Fáilteachais Chonnacht sa tréimhse dhúshlánach seo. Is gnólacht teaghlaigh é an Grúpa atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe agus ba iad buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh in 2018.

Faoi úinéireacht agus arna bhainistiú ag muintir Mhic Gearailt as Droichead an Chláirín, le tacaíocht ón gcomhstiúrthóir cuideachta, John Carmody agus a foireann cheannasaíochta lántaithí, le míonna beaga anuas thug an grúpa faoi raon gníomhaíochtaí, ní hamháin chun a ngnó a choinneáil ar an bhfód le linn na paindéime, ach chun an chuideachta a chur san áit is fearr agus is féidir le teacht aisti.

Tá branda grúpa nua á sheoladh an tseachtain seo ag Grúpa Fáilteachtais Chonnacht, íomhá a chuimsíonn an dearadh galánta a bhfuil cáil ar a ngnólachtaí as le fada an lá.

Tá forbairtí ar bun faoi láthair in An Púcán, an teach tábhairne a bhfuil neart gradam buaite aige, mar aon le pleananna iontacha do Bheár 1520, a chuirfear i gcrích sna seachtainí seo atá romhainn. Déanfaidh na hathruithe seo An Púcán agus 1520 a chur in oiriúint don “normálta nua” agus cinnteoidh siad go mbeidh custaiméirí in ann filleadh ar áiteanna a bheidh taitneamhach agus sábháilte, agus iad ag glacadh le beartais inbhuanaitheachta atá anois mar chroíluach an ghrúpa.

Tá an grúpa ar bís maidir leis na pleananna atá acu do na blianta atá romhainn an suíomh ag Ionad Gailf Chuan na Gaillimhe a fhorbairt, agus réadmhaoin sómasach 4-réalta a fhorbairt a chuirfidh go mór leis an nGalfchúrsa a bhfuil cáil air cheana féin. Beidh sé seo ar cheann de na príomhóstáin in iarthar na hÉireann nuair a bheidh sé críochnaithe.

“Thar rud ar bith eile, tá sé mar thosaíocht againn mar chuideachta ár bhfoirne a atógáil. Bhí rath ar an mbranda go dtí seo de bharr na ndaoine a oibríonn linn. Anois, agus muid ag tógáil don todhchaí, mairfidh sé sin ag croílár an chultúir atá againn”, a deir Príomhfheidhmeannach an Ghrúpa, Peter Fitzgerald.


Back to blog